Click to access English version
Ar an Aoine an chéad lá de Mhí Feabhra chuaigh an rang staire 2AG síos go dtí baile na
hEochaille chun féachaint ar na foirgnimh stairiúla go léir atá ar an mbaile. Bhí mé ar bís mar bhí mé chun foghlaim faoi na rudaí go léir atá timpeall na hEochaille. Is ó Mhainistir na Corann domsa agus de bharr sin bhí fonn orm foghlaim faoi. Freisin, bhíomar ag fáil am saor ón scoil, saghas.
Nuair a bhíomar ag siúl timpeall an bhaile chuaigh muid go dtí Geata an Chloig. Dúirt an fear a bhí ag stiúradh an turais linn gur gabhadh priosúnaigh ansin agus de ghnáth crochadh ann iad freisin.
Chuaigh muid go dtí teach a thóg Richard Boyle. D’fhoghlaim mé go ndearna sé na dóirse
ró-bheag do dhaoine agus go raibh orthu a gcinn a chromadh chun a mbochtannas a aithint. Ba é Richard Boyle an duine ba shaibhre sa domhain nuair a bhí sé beo agus bhí sé ina chónaí in Eochaill.