Turas go Delphi / Trip to Delphi

Click here to access English version

Bhí am iontach againn i nDelphi le déanaí. Bhí an aimsir go hálainn agus an áit freisin. Shroicheamar an t-ionad saoire sléibhe ar a dó a chlog. Roghnaíomar árseomraí agus chuireamar ár málaí ann. Rinneamar eachtraí difriúla cosúil le ropadóireacht, ailleadóireacht, ag dreapadh rópa ard agus dréimire Jacob.

Tar éis sin chuamar ar ais go dtí an halla agus bhí dinnéar againn. Ansin chuamar amach ag siúl sa dorchadas agus d’inis said scéalta taibhsí dúinn. An lá dár gcionn dhúisíomar ar a hocht a chlog agus chuamar ag siúl ar fud na sléibhte. Bhíomar timpeall 4 huaire a chloig ag siúl agus bhí lón againn ann. An oíche sin nuair a bhí sé dorcha chuamar ag siúl sa phortach. Bhí sé an-fliuch agus salach ach ag an am céanna bhí sé ar fheabhas. Bhí cithfholcadh ag gach duine an oíche sin!

Ar an lá deireanach rinneamar imeachtaí difriúla arís. Fuaireamar lón deas san ionad I
nDeilphi agus tar éis sin chuamar abhaile ar an mbus. Bhí brón ar gach duine ach ní dhéanfaimid dearmad go deo ar an am a chaitheamar ann.

Orla, Anna, Riain 4AG

Shroicheamar Delphi ar a leathuair tar éis  a trí. Bhí an turas bus an-fada. Bhí orainn imeacht ar a leathuair tar éis a seacht ar maidin. Chuamar isteach sa halla spóirt leis na teagascóirí. Chuamar isteach in ár ngrupaí agus fuaireamar ár seomraí leapa.

Um thráthnóna chuamar ag siúl. Bhí an aimsir go hálainn. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir agus ní raibh scamall le feiceáil. Bhí an ceantar go hálainn. Bhí an teagascóir, Andy, an-deas. Bhí sé ag insint dúinn faoi roinnt rudaí timpeall orainn. Bhí a lán eolas aige faoin nádúr. Thaispeáin sé dúinn cad a dhéanfá dá ngearfá do lámh agus gan aon trealamh garchabhrach agat. Phioc sé suas caonach ón dtalamh agus chuir sé é ar an áit a bhí ‘gearrtha’. Dúirt sé go raibh caonach go maith i gcomhair leighis mar is frithsheipteach é. Is féidir é a ól freisin. Bhí blas úafáfach air. Bhí sé go hainnis! An oíche sin rinneamar bac-cúrsa. Bhí sé cúig troigh déag in airde ón dtalamh. Bhain mé a lán taitneamh as sin.

Ar an dara lá chuamar ag siúl arís. Fuaireamar bus chuig an áit tosaithe. Glaotar an ‘Western Way’ ar an tslí a rinneamar. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Bhí sé go halainn bheith ag siúl i measc na sléibhte. Bhí aibhneacha beaga i ngach áit. Bhíomar ag siúl an lá ar fad. Bhí Andy ag insint dúinn faoi Killary Fjord. Is é an t-aon fjord atá againn in Éirinn. Dúirt sé linn go bhfuil sé chomh domhain is a bhfuil na sléibhte ard. Bhíomar tuirseach traochta nuair a shroicheamar Delphi arís. Ach bhí rud fágtha againn le déanamh fós! Sé sin, chuamar ag siúl tríd na coillte sa dorchadas. Bhí poill i ngach áit agus bhí daoine greamaithe sa talamh. Chuamar a chodladh tuirseach traochta an oíche
sin. Chuamar ag siúl arís an tríú lá. Bhíomar fós in ár gcodladh nuair a bhíomar ag siúl. D’fhágamar Delphi ag a leathuair tar éis a haon go sona sásta.

Cuan, Calum, Alan 4AG

Comments are closed.