Turas 1AG go UCC / 1AG Trip to UCC

click here to access english version

Turas 1AG chuig an Cheardlann DNA i UCC

Ar an 14ú Nollaig 2012, chuaigh mo rang 1AG ar thuras scoile. Chuamar go UCC agus Iarsmalann Chorcaí. Chuamar go UCC chun turgnamh eolaíochta a dhéanamh. Rinneamar turgnamh chun an DNA a fháil amach as sú talún. Tháinig triúir múinteoirí linn, An tUas. de Fréin, Bn. Uí Néill, agus An tUas. Ó Mórdha. Bhí an lá go léir saor againn ón scoil freisin. D’fhágamar an scoil ag 8.50 agus shroicheamar an t-iarsmalann ag 11.00. Ansin chuamar go dtí an tsaotharlann i UCC. Bhí scoil eile ann freisin. Bhí orainn cótaí bána a chaitheamh mar bhíomar sa tsaotharlann. Thaispeáin na múinteoirí ó UCC dúinn conas an turgnamh a dhéanamh. Bhí sú talún idir bheirt. Bhí mise le hAoife don turgnamh. Chuireamar an sú talún i mála plaisteach agus bhuaileamar é. Ag a h-aon a chlog chuamar go dtí an bhialann don lón. Cheannaigh mé mo lón ann. Cheannaigh mé ispíní agus sceallóga agus bhí siad an-bhlasta ar fad. Bhí lá iontach agann i UCC!

Lizzie de Poire (1AG)

Bhíomar go léir ar bís nuair a dúirt an múinteoir go rabhamar chun dul go UCC. Bhí mé ag súil go mór leis an lá sin. Ar dtús chuamar go dtí an tsaotharlann i UCC. Bhí scoil eile ann freisin. Bhí na daoine ann cairdiúil agus bhaineamar fíor-thaithneamh as. Don triail, bhí sú talún ag gach péire. Chuireamar é isteach i mála zip-lock. Chuireamar alcól agus uisce sáille leis chomh maith. Ag an deireadh, bhíomar ábalta an DNA i sú talún a fheiscint. Ina dhiaidh sin chuamar go dtí an bhialann. Bhí rudaí le n-ithe againn agus bhí an bia an-deas. Bhí an-chuid daoine ó UCC sa bhialann freisin. Tar éis leathuaire bhí sé in am dul abhaile. Bhí an bus ag fanacht linn agus chuamar ar ais go dtí an scoil. B’é an lá scoile ab fhearr a bhí agam sa mheánscoil.

Ally Ní Shuan (1AG)

Ar mo thuras scoile chuaigh mé go dtí an tsaotharlann i UCC. D’fhágamar an scoil ar an naoi a chlog agus bhíomar ar ais ag a trí. Lá iontach a bhí ann. Ar dtús chuamar go dtí an   t-iarsmalann. Bhí sé an-stairiúil. Nuair a chuamar go dtí an tsaotharlann rinneamar triail. Bhí orainn an DNA i sú talún a fháil. Bhí mise ag obair le Lizzie ach níor oibrigh sé amach i gceart. Ina dhiaidh sin, chuamar go dtí an bhialann don lón agus bhí sé an-deas. Bhí sceallóga agus ispíní agam agus bhí crepe le nutella agam don mhilseóg. Bhí sé ar fheabhas. Tháinig An tUas. de Fréin, An tUas.Ó Mórdha agus Bn. Uí Néill linn. Bhí siad an-deas linn. Ar an slí suas shuigh mé le Chloe agus ar an slí ar ais shugh mé in aice le Meghan, Méabh, Lizzie agus Keilin ar chúl an bhus. Bhí lá iontach againn go léir.

Aoife Ní hÉalaigh (1AG)

Bhíomar go léir ar bís mar bhíomar chun dul go dtí UCC ar an Aoine. Thugamar 8 euro don múinteoir. Chuamar ar bhus agus bhí mé i mo shuí ar chúl. Ar dtús chuamar go dtí an
t-iarsmalann. Chonaiceamar sean rudaí a bhí ann. Chonaic mé camán, geansaí agus liathróid sean a bhí ag an gCLG nuair a thosaigh sé 120 bliain ó shin. Ina dhiaidh sin shúileamar síos an bóthar agus chuamar isteach go UCC chun turgnamh a dhéanamh. Chuamar suas na staighrí móra agus chuireamar cótaí bána orainn. Thaispeáin an múinteoir dúinn cad a bhí le déanamh. An turgnamh a bhí ann ná DNA a thógáil as sú talún. Bhí an-cuid spraoi againn. Tar éis sin, chumamar go dtí an bhialann agus cheannaíomar bia. Shiúlamar ar ais go dtí an bus agus shroicheamar an scoil ag a cúig tar éis a trí. D’fhoghlaim mé a lán rudaí agus táim an-sásta go ndeachaigh mé.

Billy Ó hEidhin (1AG)

Comments are closed.