Seachtain na Gaeilge le Aoife Ní Shiochrú 4AG
Bhí Seachtain na Gaeilge ar fheabhas i mbliana. Tá sé féaráilte a rá go raibh an t-eagrú den scoth déanta ag Iníon Uí Riain agus bhí na múinteoirí Gaeilge ag cur isteach iarracht mhór lena ranganna chun seachtain speisialta a eagrú don scoil go léir.
Ar an chéad lá bhí 4AG ag déanamh póstaeirí le crochadh sa Triantán. Chan Ellie, Pádraig, Finnian agus Abbie amhráin as Gaeilge agus dhíol na cailíní bráisléid sa Triantán.
Bhí Seó Tallainne ar siúl i rith na seachtaine laisitigh de na ranganna chun an tallann atá ar fáil inár scoil a thaispeáint. Bhí Tráth na gCeist ar siúl don Idirbhliain go léir sa Leabharlann agus bhí duaiseanna le fáil don chéad agus don dara áit sa chomórtas.
Maidin Caifé don 6ú bliain
Ar an dara lá bhí maidin caifé ar siúl don 6ú bliain. Bhí na cailíní ag díol bráisléidí arís agus bhí ceol Gaelach ar siúl ar an idirchum. Bhí cuairteoirí againn sa scoil chomh maith an lá sin. Tháinig Bean Uí Longaigh agus daltaí ó Choláiste Daibhéid i gCathair Chorcaí ar cuairt chugainn. Ghlac said páirt i gComórtas Cleamhnas Gasta sa Triantán in éineacht le daltaí Ghaelscoil na Tríonóide ón chéad agus ón dara bliain. Ina dhiaidh sin bhí Céilí ar siúl don chéad bhliain go léir sa Halla.
Bhí seachtain iontach againn agus tá súil againn go mbeidh bliain iontach eile againn an bhliain seo chugainn.
Daltaí ó Choláiste Daibhéid agug Gaelscoil na Tríonóide ag glacadh páirt sa Chleamhnas Gasta