Seachtain na Gaeilge 2012 le Julie Ní Riain

Daltaí na hIdirbhliana ag tnúth le Seachtain na Gaeilge 2012

Eagraíodh Seachtain na Gaeilge i bPobalscoil na Tríonóide ar an 12ú – 16ú Márta i mbliana agus bhí seachtain den gcéad scoth amach is amach againn. Chuir múinteoirí na roinne Gaeilge sár –phlean cuimsitheach le chéile a chuir deiseanna ar fáil do dhaltaí na scoile i ngach aon scoilbhliain páirt a ghlacadh in imeachtaí a bhain le labhairt agus spraoi na Gaelainne. Ó thosach go deireadh na seachtaine, chualathas ceol binn traidisiúnta timpeall na scoile a chuir go mór le hatmaisféar na seachtaine. D’eagraigh 4AG, daltaí ó 2AG agus daltaí na cúigiú bliana ceolchoirmeacha ag am lóin gach lá do ranganna na céad bliana agus dara bliana chun blaiseadh de cheol traidisiúnta is amhránaíochta a thabhairt dóibh. Ba mhór an t-éacht é seo agus thaitin sé go mór leis na daltaí a d’eagraigh iad, a ghlac páirt iontu agus na daltaí a bhí mar lucht éisteachta ar na laethanta speisialta seo.

Cuireadh maidin caifé ar siúl do dhaltaí na séú bliana chun seans a thabhairt dóibh taitneamh a bhaint as labhairt na Gaelainne i suíomh nádúrtha ‘s suaimhneach. Bhraith na daltaí ar a gcompord ‘s iad ag labhairt Gaeilge le cairde agus cupán tae á ól acu ag an am céanna. Tugadh deis do dhaltaí na séú bliana páirt a ghlacadh in imeachtaí sheachtain na Gaeilge mar chuid dá mbliain dheireanach ar scoil agus d’ullmhaigh an mhaidin iad don scrúdú béil tábhachtach a bhí os a gcomhair amach. Bhí seans ag achan duine Gaeilge a labhairt go réchúiseach lena gcomhscoláirí. Tugadh amach duaiseanna ar an lá do dhaltaí as ucht a n-iarrachtaí. Rinne gach dalta a seacht ndícheall a gcuid Gaelainne a chleachtadh ar an lá.

D’eagraigh an tUasal Ó Laochdcha poc fada ar an Máirt do bhuachaillí na dara bliana a imríonn iománaíocht leis an scoil. Lá grianmhar álainn a bhí ann don lá speisialta seo agus bhí seans ag gach buachaill a gcuid scileanna a chleachtadh agus a chur os ár gcomhair. Ba sheans iontach é seo do na buachaillí seo teacht le chéile agus Gaeilge a chloistéail agus a labhairt ar an bpáirc imeartha.

Buachaillí ón dara bliain a ghlac páirt sa Chomórtas Poc Fada le Liam Ó Laochdha

Ar maidin Déardaoin, cuireadh Tráth na gCeist ar siúl do lucht na hidirbliana agus baineadh an-sult as seo. Thaitin sé go mór leis na daltaí a bheith ag obair i ngrúpaí agus ag dul san iomaíocht. Tháinig Iníon Uí Longaigh le Coláiste Dáibhéid chuig an scoil san Iarnóin, rud a chuir go mór le spiorad na seachtaine agus cuireadh fáilte mór rompu le Cleamhnas Gasta agus ceol traidiúinta ón ngrúpa Scléip. Fad is a bhí an céilí á eagrú ag Roinn na Gaeilge, bhí Tráth na gCeist ar siúl ag an gcéad bhliain i rith am lóin. Tar éis lóin, eagraíodh Céilí mór sa halla gleacaíochta agus ba é an céilí is rathúla agus is fuinniúla a bhí ag an scoil riamh. Le cabhair ó Bhriain Lottaí agus 4AG, cuireadh céilí iontach ar siúl do rang na céad bliana a d’fhoghlaim céimeanna damhsa gaelach nach raibh ar eolas acu cheana! Ba é an céilí buaicphointe na seachtaine gan dabht le chuile dhuine lán-sásta páirt a ghlacadh agus taitneamh a bhaint as.

An Céilí Mór faoi lánseol.

Le bronnadh na nduaiseanna agus Aifreann na Gaelscoile ar an Aoine, tháinig deireadh le Seachtain iontach rathúil na Gaeilge. Gabhaim buíochas ó chroí leis an Uasal Ó Ceallacháin, Ms. Heffernan, na feighlithe, mná san ionad freastail, gach éinne a ghlac páirt agus a d’eagraigh na himeachtaí go léir. Táim fíorbhuíoch de gach múinteoir i Roinn na Gaeilge agus sa Ghaelscoil. Táimid ag tnúth go mór leis na blianta iontacha atá os ár gcomhair amach.

Míle Buíochas le cách, Julie Ní Riain.

Comments are closed.