Scoláireachtaí Iontrála Choláiste na hOllscoile Corcaigh
Ag searmanas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh Dé Máirt 11ú Nollaig bronnadh Scoláireachtaí Iontrála ar bheirt iardhalta Ghaelscoil na Tríonóide, Bláthnaid Ní Chléirigh agus Kathleen Ní Chuinn. Ba mhaith le foireann agus pobal na scoile go léir comhghairdeas a dhéanamh leis an mbeirt acu faoin éacht iontach seo. Comghairdeas libh beirt agus go n-éirí libh i ngach a dhéanann sibh amach anseo.