Click here to access English version
D’fhreastail 16 scoláirí ó 4AG agus 4A3 le déanaí ar lá speisialta a d’eagraigh An Chuallacht (club Gaelach san Ollscoil) le haghaidh Seachtain na Gaeilge, chun blas a thabhairt do scoláiri de shaol na hOllscoile trí mhéan na Gaeilge. Cúig scoil ar fad a bhí ann ó chontaetha Chorcaí agus Chiarraí.
Bhi réimse breá imeachtaí eagraithe do na scoláirí. Ar maidin tugadh ar turas timpeall na hOllscoile iad. Ansin ghlac siad páirt i dtráth na gceist ina raibh scoláirí na scoileanna éagsúla meascaithe lena chéile. Ina dhiaidh sin bhi seisiún le Peadar Ó Riada ó Chúl Aodha. D’inis sé scéalta do na scoláirí agus sheinn sé roinnt port álainn ar an mbosca ceoil, ar an bhfeadóg stáin agus ar an gconsairtín. Bhain gach éinne ardtaitneamh as.
Tar éis an lóin chuir an Cumann Drámaíochta dráma ar siúl dúinn a bhí thar a bheith greannmhar. Cuireadh deireadh leis an lá le Craobh Thráth na gCeist. Bhi triúr ón bPobalscoil páirteach sa Chraobh ach faraor ní rabhadar ar fhoireann na mbuaiteoirí. Tugadh ‘goodie bags’ do gachdalta ag imeacht abhaile. D’aontaigh gach éinne gur lá iontach ar fad a bhí ann.
