Stair na Scoile
Sa bhliain 2006 beartaíodh na trí scoileanna dara leibhéil in Eochaill a thabhairt le chéile mar aon scoil amháin, Pobalscoil na Tríonóide. Bunaíodh Gaelscoil na Tríonóide, Aonad lán-Ghaeilge na Pobalscoile, chun freastal orthusan sa cheantar maguaird gur theastaigh iar-bhunoideachas trí Ghaeilge uathu. Chláraigh 121 daltaí anchéad bhliain agus táimid ag fás ó shin i leith. Inniu tá Gaelscoil na Tríonóide ar cheann de na haonaid lán-Ghaeilge is mó lasmuigh den Ghaeltacht le142 daltaí cláraithe linn. Tagann na daltaí ó Ghaelscoil Choráin, an bhunscoil lán-Ghaeilge áitúil, ó Ghaelscoil Mhainistir na Corann agus ó bhunscoileanna eile an cheantair.