Ráiteas misin
Léirímid meas ar a chéile, cuirimid luach ar an bhfoghlaim, tugaimid tús áite dár bpobal, téimid i dtreo na foirfeachta de shíor.
Fáilte ón bPríomhoide
Thar cheann na foirne agus na ndaltaí i nGaelscoil na Tríonóide ba mhaith liom fáilte a chur romhaibh go léir; go háirithe, ár n-ábhar daltaí agus sibhse a dtuismitheoirí is a gcaomhnóirí. Ceann dár mórchuspóirí i nGaelscoil na Tríonóide ná tús áite a thabhairt i gcónaí do shároideachas a sholáthar dár ndaltaí go léir.
Táim ag tnúth go mór le bheith ag obair libh.
Le gach dea-ghuí
Séamus Ó Ceallacháin

