Click here to access English Version
Bua Iontach ag Daltaí 1AG i gComórtas SciFest i CIT
Ar an 19ú Aibreán ghlac cúigear dalta ó 1AG páirt i gcomórtas SciFest i CIT. Comórtas eolaíochta is ea SciFest atá cosúil le Comórtas an Eolaí Óig. Bhí trí thionscnamh ag daltaí 1AG sa chomórtas. Rinne Paul Ó Riain staidéar ar “An féidir leictreachas a fháil ó thorthaí”. Chonaic sé gur féidir liomóin a úsáid in ionad an cheallaire atá in áireamhán. D’fhiosraigh Barra Ó Mátharbhuí agus Fionn Mac Dónaill “Cé chomh láidir gur féidir le duine tarraingt ar chamán”. Agus d’fhéach Gráinne Tirial agus Lauren Ní Ghiobúin ar “An structúr atá ag criostail comhdhúil éagsúla”.
D’éirigh go h-an mhaith leis na daltaí go léir. Iarradh orthu a bheith páirteach i ngrianghraf bolscaireachta leis an Aire Stait do thaighde agus Nuálaíocht Seán Sherlock
sular thosaigh an comórtas. Ansin chuaigh na feitheoirí timpeall ag caint leo go léir agus d’éirigh leo a gcuid oibre a mhíniú go cruinn agus go muiníneach. Fógraídh na buaiteoirí ag deireadh an lae agus rinne Gráinne agus Lauren éacht nuair a bhuaigh said duais Pharmachem Ireland don tionscnamh ceimice is fearr sa chomórtas. Bhí sé go hiontach gur éirigh le daltaí sa chéad bhliain duais a bhaint amach a bhí ar fáil do dhaltaí ón gcéa bhliain suas go dtí an séú bliain.
Tá súil againn go leanfaidh na daltaí leis an sárobair a rinneadar agus go n-éireoidh go maith linn sna comórtais sna blianta atá romhainn.